ORD LE hAGHAIDH

URNAÍ NA MAIDINE AGUS NA NÓNA

GACH LÁ AR FEADH NA BLIANA

Cruinniú Phobal Dé

Seasann cách Deirtear an Beannú.

Go raibh an Tiarna libh.

Agus leat féin.

Domhnach Cásca

Tá Críost i ndiaidh éirí.

Tá an Tiarna i ndiaidh éirí dáiríre, Alleluia! Lúcás 24;34

Abairtí as an Scrioptúr

Féadtar abairt as an Scrioptúr a léamh astu siúd a thugtar ar lgh. 53-57.

Is féidir iomann a cheol.

Féadann an ministir an tseirbhís a chur i láthair leis na focail seo, nó le focail chuí eile.

A lucht na páirte i gCríost, táimid cruinnithe le chéile anseo
lenár n-adhradh agus ár moladh agus ár mbuíochas a thairiscint do Dhia uilechumhachtach;
lenár bpeacaí a admháil agus le maithiúnas Dé a fháil, le fógairt a bhriathair naofa a chloisteáil,
lenár riachtanais féin agus riachtanais an domhain mhóir a chur roimhe, agus le guí air trí chumhacht a Spioraid
go ndéana muid seirbhís dó
ionas go mb’eol dúinn liacht a ghrá.

Deir an ministir
Admhaímis ár bpeacaí do Dhia, dár nAthair Síoraí.

Téann gach duine ar a ghlúine Tost

A Athair neamhaí
pheacaigh muid i d’éadan agus in éadan ár gcomhdhaoine le smaoineamh agus le briathar agus le gníomh,
trí fhaillí, trí laige,
trínár gcoir agus trínár dtoil féin; trína bhfuil déanta againn,
agus trínar theip orainn a dhéanamh.
Tá brón ó chroí orainn agus aithreachas as ár bpeacaí uile. As ucht do Mhic Íosa Críost a fuair bás ar ár son,
tabhair maithiúnas dúinn ina bhfuil déanta;
agus deonaigh dúinn seirbhís a dhéanamh duit in úire na beatha ar nós a mhéadóidh glóir d’ainm. Áiméan

Foilseoidh an sagart an aspalóid;

A Dhia na gcumhachtaí
a thugann maithiúnas do lucht an fhíoraithreachais, go ndéana sé trócaire oraibh,
go dtuga sé maithiúnas daoibh in bhur bpeacaí uile agus go bhfuasclaí sé uathu sibh,
go ndaingní agus go ndearbhaí sé gach dea-shuáilce ionaibh, agus go mbuanaí sé an bheatha shíoraí ionaibh;
trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

Mura mbíonn sagart i láthair ní dheirtear an aspalóid, ach féadtear an urnaí seo a leanas a rá;

A Thiarna na trócaire,
deonaigh do do phobal dílis maithiúnas agus síocháin, chun go nglantar ónár bpeacaí uile sinn,
agus go ndéana muid seirbhís duit le ciúnas aigne; trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

Ag Fógairt agus ag Glacadh leis an Bhriathar

Urnaí na Nóna, ar leanúint ar lch 84

URNAÍ NA MAIDINE

Seasann cách

A Thiarna, oscail ár mbéal

Agus seinnfidh ár dteanga do mholadh.

A Dhia, tar go lúfar dár bhfuascailt.

A Thiarna, déan tapa dár dtarrtháil.

Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh:

Mar a bhí ar dtús, mar atá anois, agus mar a bheas go brách:

trí shaol na saol. Áiméan.

Molaigí an Tiarna:

Moltar ainm an Tiarna.

An Chéad Chaintic

VENITE Salm 95; 1-7 nó 1-11

  1. Téanam agus canaimis don Tiarna;
    déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe.
  2. Druidimis ina láthair le haltú buíochais;
    déanaimis pléaráca dó le hamhráin mholta.
  3. Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna;
    is rí mór é os cionn na ndéithe go léir.
  4. Is ina lámha atá duibheagáin na cruinne,
    agus is leis mar an gcéanna na hardsléibhte.
  5. Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í;
    agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim.
  6. Téanam, go n-adharfaimis agus go sléachtfaimis;
    feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn.
  7. Óir is é ár nDia é, agus is sinne
    pobal a pháirce agus caoirigh a láimhe.
  8. Á, dá n-eistfeadh sibh inniu lena ghlór:
    “Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá, nó an lá úd ag Masá san fhásach
  9. mar a ndearna bhur n-aithreacha mo phromhadh,
    do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta.
  10. Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin
    agus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’
  11. Ar an ábhar sin mhionnaigh mé i m’fhearg
    nach rachaidís i mo shuaimhneas isteach go brách.”

Glóir don Athair, agus don Mhac,
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús, mar atá anois,
agus mar a bheas go brách, trí shaol na saol. Áiméan.

IUBILATE Salm 100

  1. Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile;
    fónaigí don Tiarna go lúcháireach. Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.
  2. Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.
    Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn. Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.
  3. Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh.
    Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí. Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm.
  4. Nach maith é go deimhin an Tiarna;
    maireann a bhuanghrá go brách. Is dílis é ó ghlúin go chéile.

Glóir don Athair, agus don Mhac,
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús, mar atá anois,
agus mar a bheas go brách, trí shaol na saol. Áiméan.

Tráth na Cásca

AINTIÚIN NA CÁSCA
1 Cor 5. 7-8, Rómh 6.9-11, 1 Cor 15.20-22

  1. Tá Críost, ár n-uan Cásca, íobartha ar ár son.
    Déanaimis an fhéile a cheiliúradh dá bhrí sin.
  2. Ní leis an tseanghabháil é, le gabháil an oilc agus na hurchóide,
    ach le harán slim an ionracais agus na fírinne.
  3. Tá a fhios againn ó tógadh Críost ó mhairbh nach bhfaighidh sé bás níos mó.
  4. Níl aon cheannas ag an mbás air feasta, mar an bás a fuair sé, ba bhás mar leis an bpeaca é, don aon uair amháin go deo,
    ach is beatha do Dhia a bheatha feasta.
  5. Ar an gcuma chéanna ní mór daoibhse a mheas gur daoine sibh chomh maith
    atá marbh don pheaca agus beo do Dhia in Íosa Críost.
  6. Tá Críost éirithe ó na mairbh,
    céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.
  7. Ós tríd an duine a tháinig an bás,
    is tríd an duine a tháinig aiséirí na marbh fosta.
  8. Faoi mar a fhaigheann gach duine bás in Ádhamh,
    athbheofar gach duine chomh maith i gCríost.

Glóir don Athair, agus don Mhac,
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús, mar atá anois,
agus mar a bheas go brách, trí shaol na saol. Áiméan.

Is ceadmhach na cainticí seo agus cainticí eile a úsáid i leaganacha agus i bhfoirmeacha eile, msh. ó Leabhar Iomann na hEaglaise.

An Chéad Léacht:

Féadann an léitheoir a rá

Léacht ó … caibidil … ag tosú ag véarsa …

Féadtar tost a choinneáil i ndiaidh na léachta.

Salm

Ceoltar ceann amháin nó tuilleadh de na sailm a dhlitear don lá, ag críochnú le

Glóir don Athair, agus don Mhac,
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús, mar atá anois,
agus mar a bheas go brách, trí shaol na saol. Áiméan.

An Dara Léacht

Féadann an léitheoir a rá

Léacht ó … caibidil … ag tosú ag véarsa …

Féadtar tost a choinneáil i ndiaidh na léachta.

Mura bhfuil an tseirbhís mar Phríomhsheirbhís an lae, ní léitear ach dhá léacht.

An Dara Caintic

An TE DEUM ina iomláine, nó cuid a haon, nó cuid a dó, nó an dá chuid seo. Cuid a haon

  1. Molaimid thú a Dhia: admhaímid gur tusa an Tiarna;
    Adhrann an talamh uile thú: an tAthair síoraí.
  2. Is chugatsa a cheolann na hAingil uile, na Flaithis agus a bhfuil de chumhachtaí iontu
    Is chugatsa a cheolann de shíor na cearúibím agus na searaifím,
  3. Naofa, naofa, naofa an Tiarna, Dia na gcumhachtaí:
    Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir.
  4. Molann cuideachta ghlórmhar na n-aspal thú:
    molann dea-chomhaltas na bhfáithe thú.
  5. Molann arm glanuasal na mairtíreach thú:
    an Eaglais naofa ar fud an domhain, admhaíonn sí thú.
  6. An tAthair i do mhórgacht gan teorainn: d’Aonmhac fírinneach fíor-onórach:
    agus an Spiorad Naomh treoraí agus abhcóide.

    Cuid a Dó

  7. Is tú Rí na glóire, a Chríost.
    Is tú an Mac síoraí ón Athair.
  8. Nuair a ghabh tú ort ár gcorp le sinn a fhuascailt:
    is í broinn na hÓighe a roghnaigh tú go humhal.
  9. Rug tú bua ar gha an bháis:
    agus chuir ríocht neimhe ar leathadh roimh lucht an chreidimh go léir.
  10. Tá tú i do shuí i nglóir ar dheasláimh Dé:
    creidimid go dtiocfaidh tú mar bhreitheamh orainn.
  11. Tar mar sin, a Thiarna agus fóir ar do phobal,
    a cheannaigh tú le luach d’fhola féin.
  12. Tabhair i measc do naomh sinn
    chun na glóire síoraí.

    Cuid a Trí

  13. Saor do phobal, a Thiarna, agus beannaigh d’oidhreacht:
    bí á rialú, agus tabhair taca dóibh go brách.
  14. Ó lá go lá beannaímid thú:
    agus adhraimid d’ainm de shíor.
  15. A Thiarna, coinnigh sinn ó gach peaca inniu:
    A Thiarna, déan trócaire orainn: déan trócaire orainn.
  16. A Thiarna, taispeáin dúinn do ghrá is do thrócaire:
    ós asat atá ár muinín.
  17. Asatsa, a Thiarna, atá ár muinín:
    ná ligtear ár náiriú go brách.

Caintic ar bith (lgh 93-105) ach amháin an BENEDICTUS

Féadann an léitheoir a rá

An Tríú Léacht

ó na Soiscéil

Léacht ón Soiscéal de réir … caibidil … ag tosú ag véarsa …

Féadtar tost a choinneáil i ndiaidh na léachta.

An Tríú Caintic

BENEDICTUS Amhrán Zacharía. Lúcás 1: 68-79

  1. Moladh don Tiarna, Dia Iosrael,
    óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;
  2. agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar
    i dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach –
  3. de réir mar a labhair
    trí bhéal a naomhfháidh anallód –
  4. mar shaoradh dúinn ónár naimhde
    agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn,
  5. ag déanamh trócaire mar sin ar ár sinsir,
    agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa –
  6. ar an mionn a mhionnaigh sé d’Abrahám ár n-athair –
    go dtabharfadh sé dúinn,
  7. tar éis ár saortha as láimh ár naimhde,
    bheith ag seirbhís dó gan eagla,
  8. i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair
    gach lá dár saol.
  9. Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde,
    óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,
  10. ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal
    trí mhaithiúnas a bpeacaí
  11. de chionn trócaire chroí ár nDé
    a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe,
  12. chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis;
    chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.

Glóir don Athair, agus don Mhac,
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús, mar atá anois,
agus mar a bheas go brách, trí shaol na saol. Áiméan.

nó Caintic ar bith de chuid an Tiomna Nua ar lgh 93-105

AN tSEANMÓIR

anseo nó in áit eile sa tseirbhís.

Féadtar iomann a cheol.

Ar leanúint ar lch 88 le Cré na nAspal

URNAÍ NA NÓNA

Seasann cách

A Thiarna, oscail ár mbéal:

Agus seinnfidh ár dteanga do mholadh.

A Dhia, tar go lúfar dár bhfuascailt.

A Thiarna, déan tapa dár dtarrtháil.

Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh:

Mar a bhí ar dtús, mar atá anois, agus mar a bheas go brách: trí shaol na saol. Áiméan.

Molaigí an Tiarna:

Moltar ainm an Tiarna.

An Chéad Chaintic

AMHRÁN AN tSOLAIS

  1. A Sholais shoirbh a gineadh:
    Ó ghlóir ghlan Athar Shíoraí na soilse uile! A Íosa Críost, Mac Dé beannaithe:
    Solas ar an gcosán dá dtriallann abhaile!
  2. Anois bíodh go bhfuineann an ghrian ar ár slí:
    Tig linn, áfach, solas an tráthnóna a fheiceáil; Agus ar a fheiceáil dúinn, tógaimid an t-iomann do Dhia:
    Athair agus Mac agus Naomhspiorad diaga.
  3. Is dual duit moladh gach tráth:
    Ach tú a mholadh mar is cóir, a Mhic Dé. Agus ós tú a thugann beatha do gach uile ní:
    Dá bharr sin mórann an domhan d’Ainm.

DEUS MISEREATUR Salm 67 (lch 570)

ECCE NUNC Salm 134

  1. Téanaigí agus molaigí an Tiarna, a sheirbhíseacha uile an Tiarna:
    a bhíonn in bhur seasamh i dteach an Tiarna, i gcúirteanna theach ár nDé.
  2. Tógaigí bhur lámha chun an tsanctóra, agus déanaigí an Tiarna a mholadh:
    Go mbeannaí an Tiarna amach as Síón thú, is é a rinne neamh agus talamh.

Glóir don Athair, agus don Mhac,
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús, mar atá anois,
agus mar a bheas go brách, trí shaol na saol. Áiméan.

nó Tráth na Cásca

Aintiúin na Cásca (lch 94)

Is ceadmhach na cainticí seo agus cainticí eile a úsáid i leaganacha agus i bhfoirmeacha eile msh. ó Leabhar Iomann na hEaglaise

Ceoltar Salm nó níos mó de na Sailm a dhlitear don lá, ag críochnú le

Glóir don Athair, agus don Mhac,
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús, mar atá anois,
agus mar a bheas go brách, trí shaol na saol. Áiméan.

Salm

Féadann an léitheoir a rá

Léacht ó … caibidil … ag tosú ag véarsa …

Féadtar tost a choinneáil i ndiaidh na léachta.

An Chéad Léacht:

An Dara Caintic

MAGNIFICAT Amhrán Muire Ógh Bheannaithe Lúcás 1. 46-55

  1. Mórann m’anam an Tiarna,
    agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
  2. Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
    mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
  3. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom:
    agus is naofa a ainm
  4. Agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin:
    dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
  5. Thaispeáin sé neart a láimhe:
    scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
  6. Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha:
    agus d’ardaigh sé daoine ísle.
  7. Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe:
    agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
  8. D’fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach:
    ag cuimhneamh dó ar a thrócaire –
  9. de réir mar gheall sé dár sinsir:
    d’Abrahám agus dá shliocht go brách. Glóir don Athair, agus don Mhac,
    agus don Spiorad Naomh; mar a bhí ar dtús, mar atá anois,
    agus mar a bheas go brách, trí shaol na saol. Áiméan.

nó caintic ar bith eile de chuid an Tiomna Nua atá sna Cainticí (lgh 93-105)


An Dara Léacht

Féadann an léitheoir a rá

Léacht ó … caibidil … ag tosú ag véarsa …

Féadtar tost a choinneáil i ndiaidh na léachta.


Más í an tseirbhís seo Príomhsheirbhís an lae, leantar ord na léachtaí agus na gcainticí in Urnaí na Maidine, le cainticí atá fóirsteanach don tráthnóna.

An Tríú Caintic

NUNC DIMITTIS Amhrán Shimeoin. Lúcás 2. 29-32

  1. Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna:
    de réir d’fhocail, faoi shíocháin.
  2. Mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil:
    atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile.
  3. Solas chun na náisiúin a shoilsiú:
    agus glóir do phobal Iosrael.

Glóir don Athair, agus don Mhac,
agus don Spiorad Naomh;
mar a bhí ar dtús, mar atá anois,
agus mar a bheas go brách, trí shaol na saol. Áiméan.

nó caintic ar bith de chuid an Tiomna Nua sna Cainticí (lgh 93-105)

AN tSEANMÓIR

anseo nó in áit eile sa tseirbhís.

Féadtar iomann a cheol.

AG URNAÍ NA MAIDINE AGUS NA NÓNA

Cré na nAspal

Creidim i nDia, an tAthair uilechumhachtach, cruthaitheoir neimhe agus talaimh.
Creidim in Íosa Críost, Aonmhac Dé, ár dTiarna, a gabhadh ón Spiorad Naomh,
a rugadh ón Mhaighdean Mhuire, a d’fhulaing faoi Phontius Píoláit,
a céasadh, a fuair bás, agus a adhlacadh; chuaigh sé síos go ríocht na marbh.
An tríú lá d’éirigh sé arís ó na mairbh; chuaigh sé suas ar neamh,
agus tá sé ina shuí ar dheis an Athar,
agus tiocfaidh sé arís chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.
Creidim sa Spiorad Naomh, sa Naomheaglais chaitliceach, cumann na naomh, maithiúnas na bpeacaí, aiséirí na colainne,
agus an bheatha shíoraí. Áiméan

Guí an Phobail

Go raibh an Tiarna libh.

Agus leat féin.

Téann gach duine ar a ghlúine

Guímis

A Thiarna, déan trócaire.

A Chríost, déan trócaire.

A Thiarna, déan trócaire.

Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d’ainm,
go dtaga do ríocht, go ndéantar do thoil
ar talamh mar a dhéantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu. Agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin. Agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ón olc.
Óir is leatsa an ríocht, agus an chumhacht, agus an ghlóir, trí shaol na saol. Áiméan.

Féadtar na hachainíocha agus na freagraí a rá.

Foilsigh do thrócaire, a Thiarna,

agus deonaigh dúinn do shlánú.

T.É. [A Thiarna, saor an Bhanríon

agus bronn an eagna ar a rialtas]

P.É [A Thiarna, treoraigh agus cosain ár rialtóirí

agus bronn an eagna ar ár rialtas.]

Bíodh an fhíréantacht mar éadach ar do mhinistrí

agus ligeadh do sheirbhísigh gáir áthais astu.

A Thiarna, saor do phobal

agus beannaigh an dream atá tofa agat.

Tabhair síocháin lenár linn, a Thiarna,

agus bíodh do ghlóir ar fud an talaimh.

A Dhia, cruthaigh croí glan ionainn

agus athnuaigh le do Naomhspiorad sinn.

NA hORTHAÍ

Deirtear Ortha an lae agus ortha amháin nó tuilleadh de na horthaí seo:

URNAÍ NA MAIDINE

A Dhia, is tú údar na síochána, agus is ansa leat an cur le chéile,
is ionann aithne ort agus an bheatha shíoraí,
agus is í an tsaoirse is iomláine bheith i do shéirbhís: Cosain sinn ar ionsaithe uile ár naimhde,
ionas nach eagal linn aon áibhirseoir, de bharr ár muiníne as do choimirce; trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

A Thiarna, ár nAthair neamhaí, a Dhia shíoraí na gcumhachtaí,
tugaimid buíochas duit as ár dtabhairt slán go dtí an lá inniu: Ná lig dúinn titim i bpeaca ná dul i gcontúirt,
agus tabhair treoir dúinn i ngach uile ní do thoil a aithint agus a chur i ngníomh; trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

Bí, a Thiarna, go grástúil geanúil linn, dár ndíriú inár ngníomhartha uile,
agus ag síorchuidiú linn dul ar aghaidh;
ionas go raibh tús, lár agus críoch ár gcuid oibreacha ionatsa, ar nós a mhéadóidh do ghlóir, agus a thuillfidh,
de bharr do thrócaire, an bheatha shíoraí dúinn; trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

A Athair neamhaí,
ina mairimid, ina ngluaisimid agus inar ann dúinn:
Guímid go humhal thú
ár seoladh agus ár smachtú le do Spiorad Naomh
sa dóigh is nach ndéanaimid dearmad de do láthairse,
ach cuimhneamh gur ag siúl faoi do radharc atá muid i dtólamh; trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

URNAÍ NA NÓNA

A Dhia,
ós uaitse a thagann na mianta naofa agus na dea-chomhairlí agus na dea-ghníomhartha uile:
Tabhair dúinne atá inár seirbhísigh agat,
an tsíocháin úd nach féidir leis an saol a thabhairt uaidh, ionas go raibh rún daingean ag ár gcroí umhlú do d’aitheanta, agus go gcaithimid ár ré go socair suaimhneach,
go neamheaglach roimh ár naimhde
ós feasach dúinn bheith faoi do choimirce; trí Íosa Críost do Mhac ár dTiarna. Áiméan.

Mar achainí ort, a Thiarna, bí mar sholas dúinn sa dorchadas, agus as ucht liacht do thrócaire,
bí dár gcumhdach ó bhaoil agus ó bhuartha na hoíche seo; ar ghrá d’aon Mhic, ár Slánaitheoir Íosa Críost. Áiméan.
Deonaigh a Thiarna, go raibh an briathar seo agat a chloisimid inniu ag cur a fhréamhacha inár gcroí,
go dtí go gcaithimid ár saol de réir do thola naofa,
ag síorsheinm do mholta agus ag méadú glóir d’ainm. Trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméan.

Is féidir iomann nó aintiún a cheol.

Is féidir paidreacha agus altuithe, nó liodán a rá. Is féidir iomann a cheol.

Ag Imeacht mar Phobal Dé

Is féidir clabhsúr a chur ar na paidreacha le ceann acu seo a leanas, nó le beannacht chuí.

Go raibh an Tiarna libh.

Agus leat féin.

Beannaímis ainm an Tiarna.

Buíochas le Dia.

Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé

agus cumann an Spioraid Naoimh linn go léir. Áiméan. 2 Cor 13.13

Glóir don té úd
ar féidir dó i bhfad níos mó a dhéanamh
ná mar a d’iarrfaimisne nó smaoineamh féin air, tríd an gcumhacht atá ag obair ionainn.
Glóir go raibh aige san Eaglais
agus i gCríost Íosa ó ghlúin go glúin
go brách na breithe. Áiméan. Eif 3. 20

Moladh agus glóir do rí na n-aoiseanna,
don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Áiméan. 1 Tiom 1.17

Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas
agus den tsíocháin uile sa chreideamh
ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh
trí chumhacht an Spioraid Naoimh. Áiméan. Rómh 15.13